Caoimhín Ó Fearghail

Uilleann Pipes, Flute, Tin Whistle, Guitar, Bouzouki

Gaeilge agus Fáilte

Caoimhín Ó Fearghail is a multi-instrumentalist who comes from An Rinn in the Waterford Gaeltacht. He started to learn the tin whistle and uilleann pipes at an early age, and is mostly self-taught on flute, guitar, and bouzouki. He is influenced by the many great traditional musicians and singers from his home area, as well as numerous others he has met all over the country and abroad.

Caoimhín was the 2012 recipient of the TG4 Young Musician of the Year award (Gradam Ceoil TG4). In September 2013, he was featured on a Music Network tour with Noel Hill and Liam O’Connor called ‘Bellows, Bridge & Bow’. In 2014, he joined the group Caladh Nua as guitar player and has toured extensively with them. Caoimhín has performed on various instruments with other well-known groups as well, such as Danú, Piper’s Union, and Skipper’s Alley.

He has been featured on a number of albums in recent years. In 2013, Caoimhín recorded the album Lá ag Ól Uisce with his brother, Seán, and Tomás Ó Gealbháin. In 2018, he recorded an album called Flute & Fiddle with fiddler Paddy Tutty from nearby Dungarvan. His latest album is a solo pipes album simply called Uilleann Piping from County Waterford, which is part of NPU’s ‘Ace & Deuce of Piping’ series.

Caoimhín was recently awarded Best Folk Instrumentalist in the RTÉ Radio 1 Folk Awards.

A frequent teacher and performer, he has taught and performed solo and with groups all over Ireland, the USA, the UK, Europe, Newfoundland, and New Zealand.

Ceoltóir is ea é Caoimhín Ó Fearghail, arb as An Rinn i nGaeltacht Phort Láirge ó dhúchas é, a bhfuil cumas aige i go leor gléasanna éagsúla. Thosaigh sé ar an fheadóg stáin agus ar na píoba uilleann ag aois an-óg, agus is faoina stiúir féin den chuid is mó a fuair sé oiliúint ar an fhliúit, ar an ghiotár, agus ar an bhasúcaí. Is iad ceoltóirí agus amhránaithe móra a cheantair féin is mó a chuaigh i bhfeidhm air, mar aon le roinnt mhaith ceoltóirí eile a bhfuair sé aithne orthu ar fud na hÉireann agus thar sáile.
Sa bhliain 2012 buadh an Gradam Ceoil TG4 “Ceoltóir Óg na Bliana” ar Chaoimhín. I mí Mheán Fómhair den bhliain 2013, bhí sé mar aoi ag Noel Hill agus Liam O’Connor agus iad ag taisteal le Music Network agus coirmeacha ceoil á gcur ar fáil faoin ainm Bellows, Bridge & Bow. Sa bhliain 2014, thosaigh sé mar bhall den ghrúpa Caladh Nua agus é ag seinm giotáir leo siúd ar go leor stáitsí éagsúla. Bhí Caoimhín le cloisteáil agus go leor gléasanna eile á seinm aige in éineacht le grúpaí clúiteacha eile, lena n-áirítear Danú, Piper’s Union, agus Skipper’s Alley.
Tá go leor albam tagtha amach le blianta beaga anuas a bhfuil sé le cloisteáil orthu. Sa bhliain 2013, rinne sé féin, a dheartháir Seán, agus Tomás Ó Gealbháin albam a thaifeadadh darb ainm Lá ag Ól Uisce. Sa bhliain 2018, rinne sé féin agus an fidléir Paddy Tutty, arb as Dún Garbhán é in aice láimhe, albam a thaifeadadh ar tugadh Flute & Fiddle air. Is é Uilleann Piping from County Waterford an t-albam is deireanaí dá chuid, ar albam aonair píoba é mar chuid den tsraith Ace & Deuce of Piping de chuid NPU (Na Píobairí Uilleann).
Fuair Caoimhín an gradam Ceoltóir Dúchasach is Fearr mar chuid de Ghradaim Cheoil Dhúchasaigh RTÉ Radio 1 le deireanaí.
Múinteoir agus léiritheoir is ea é ar mhinic a chuir sé ceachtanna agus léirithe ar fáil ina aonar agus in éineacht le grúpaí ar fud fad na hÉireann, sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe, san Eoraip, i dTalamh an Éisc, agus sa Nua-Shéalainn.

 

 

For more information about lesson packages and rates, click below.