Oisín Mac Diarmada

Fiddle

Gaeilge agus Fáilte

A graduate in Music Education from Trinity College Dublin and Royal Irish Academy of Music, Oisín Mac Diarmada began playing fiddle in Clare at a young age, over time developing a deep interest in the playing style of the Sligo region, having moved there at the age of eleven.

Founder of the internationally-renowned group Téada, with whom he has recorded a number of albums on the Gael Linn and Green Linnet labels, Oisín is also a regular solo performer. Performances have included appearances at specialist music festivals such as Masters of Tradition in West Cork, accompanying Irish President Mary McAleese on a State visit to Romania, and a guest solo appearance with the Southern Georgia Symphony Orchestra in the USA. Described by The Irish Echo’s Earle Hitchner as “one of the most gifted and creative traditional fiddlers playing today”, Oisín has toured frequently in recent years with noted singer/accordion-player Séamus Begley and Samantha Harvey (piano/dance). In 2012, Oisín was appointed Director of SCT, the Traditional Irish Music Examination System administered by Comhaltas Ceoltóirí Éireann, and has recently co-authored Fiddlers of Sligo Tunebook along with fellow-Sligo musician Daithí Gormley.

Teaching activity has included tutoring at the University of Limerick, Swannanoa Gathering in North Carolina, Catskills Irish Arts Week in New York, O’Flaherty Retreat in Texas, Willie Clancy Summer School in Co. Clare, and South Sligo Summer School in Co. Sligo.

Fuair Oisín Mac Diarmada oiliúint i Múineadh an Cheoil ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ag Ceolacadamh Ríoga na hÉireann, ach thosaigh sé ag seinm na fidle ina óige i gContae an Chláir agus cothaíodh suim mhór ann i stíl seanma Shligigh, áit a ndeachaigh sé féin chun cónaithe agus é bliain déag d’aois.

Duine de bhunaitheoir an ghrúpa Téada, a bhfuil clú idirnáisiúnta bainte amach aige, is ea é Oisín, agus roinnt mhaith albam taifeadta aige leis an ngrúpa céanna leis na lipéid Gael Linn agus Green Linnet. Is minic freisin a bhíonn sé ag taibhléiriú ina aonar. I measc na bhféilte éagsúla ceoil shainiúil ar chuir sé taibhléirithe ar fáil mar chuid díobh, áirítear Masters of Tradition (Máistrí an Traidisiúin) in Iarthair Chontae Chorcaí, tionlacan Uachtarán na hÉireann Mary McAleese agus í ar chuairt stáit ar an Rómáin, agus aoi-chuairt léirithe aonair ar an Southern Georgia Symphony Orchestra (Ceolfhoireann Shiansach Dheirceart Georgia) sna Stáit Aontaithe. “Duine de na fidléirí traidisiúnta is mó a bhfuil bua agus cruthaitheacht ann dá bhfuil ag seinm sa lá atá inniu ann” is ea a bháistigh Earle Hitchner de chuid The Irish Echo ar Oisín, agus go leor taistil á dhéanamh aige le blianta beaga anuas chun ceol a chur ar fáil leis an amhránaí agus boscadóir clúiteach Séamus Begley agus le Samantha Harvey (pianó/damhsa). Sa bhliain 2012, ainmníodh Oisín mar Stiúrthóir an Scrúdú Ceol Tíre, an córas measúnaithe ceoil thraidisiúnta Ghaelaigh atá faoi stiúir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, agus le deireanaí scríobh sé féin agus Daithí Gormley, ceoltóir eile de chuid Chontae Shligigh, leabhar darb ainm Fiddlers of Sligo Tunebook (Leabhar Fonn Fidléirí Shligigh).

Áirítear ó thaobh an taithí múinteoireachta de teagasc a chur ar fáil le hOllscoil Luimnigh, Swannanoa Gathering (Teacht le Chéile Swannanoa) i gCarolina Thuaidh, Catskills Irish Arts Week (Seachtain na nEalaíon Gaelach sna Sléibhte Catskill) i Nua-Eabhrac, O’Flaherty Retreat (Cúrsa Tearmainn Uí Fhlatharta) i dTexas, Scoil Samhraidh Willie Clancy i gContae an Chláir, agus Scoil Samhraidh Shligigh Theas i gContae Shligigh.

For more information about lesson packages and rates, click below.