Brian Ó hAirt

Singing (English and Irish), Concertina

Gaeilge agus Fáilte

Brian has performed extensively in North America solo, with the ensemble Bua, and as a guest artist with Téada at gatherings such as the National Folk Festival, Mission Folk Music Festival, Northwest Folklife Festival, CityFolk Festival, Old Songs Festival, and Lowell Folk Festival; and in Ireland at events like Lá na nAmhrán, Cruinniú na mBád, BLAS International Summer School of Irish Traditional Music and Dance, and Cuairt na mBàrd. He has also taught at many of the foremost summer music schools in the USA and Canada including the Catskills Irish Arts Week, Swannanoa Gathering, Milwaukee Irish Festival Summer School, Grand Canyon Celtic Arts Academy, Goderich Celtic Roots College, Augusta Heritage Center Irish Week, Voice Works at Centrum, and CCÉ Music Arts and Dance Week, to name a few. His various recordings have been featured on many radio programs in Ireland including Céilí House on RTÉ, Lán a’ Mhála, Béal Maidine on RnG, and various NPR programs in the States including the Thistle & Shamrock and Celtic Connections.

Tá taibhléiriú curtha ar fáil ag Brian ar fud fad Mheiriceá Thuaidh ina aonar, mar chuid den ghrúpa ceoil Bua, agus mar aoi-ealaíontóir de chuid Téada ag léithéidí an National Folk Festival (Féile Náisiúnta an Cheoil Dhúchasaigh), Mission Folk Music Festival (Féile Cheoil Dhúchasaigh Mission), Northwest Folklife Festival (Féile Dhúchais an Iarthuaiscirt), CityFolk Festival (Féile Cheoil Dhúchasaigh na Cathrach), Old Songs Festival (Féile na Seanamhrán), agus Lowell Folk Festival (Féile Cheoil Dhúchasaigh Lowell), agus ar fud na hÉireann ag leithéidí Lá na nAmhrán, Cruinniú na mBád, BLAS International Summer School of Irish Traditional Music and Dance (Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta an Cheoil agus an Damhsa Thraidisiúnta Ghaelaigh BLAS), agus Cuairt na mBàrd. Tá taithí aige mar mhúinteoir ag cuid mhór de na scoileanna samhraidh ceoil is mó le rá sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada, lena n-áirítear Catskills Irish Arts Week (Seachtain na nEalaíon Gaelach sna Sléibhte Catskill), Swannanoa Gathering (Teacht le Chéile Swannanoa), Milwaukee Irish Festival Summer School (Scoil Samhraidh Fhéile Ghaelach Milwaukee), Grand Canyon Celtic Arts Academy (Acadamh Grand Canyon na nEalaíon Ceilteach), Goderich Celtic Roots College (Coláiste Goderich na hOidhreachta Ceiltí), Augusta Heritage Center Irish Week (Seachtain Ghaelach Ionad Oidhreachta Augusta), Voice Works at Centrum (An Cheardlann Ghutha le Centrum) , agus CCÉ Music Arts and Dance Week (Seachtain Ealaíon agus Damhsa CCÉ Music), agus tuilleadh nach iad. As an iliomad taifeadtaí atá curtha ar fáil aige, cuireadh roinnt mhaith acu ar fáil ar chláracha éagsúla raidió in Éirinn, lena n-áirítear Céilí House de chuid RTÉ, Lán a’ Mhála, Béal Maidine de chuid RnG, agus ar chláracha éagsúla de chuid an raidió phoiblí i Meiriceá, lena n-áirítear The Thistle & Shamrock agus Celtic Connections.

For more information about lesson packages and rates, click below.